Athair agus a Chuid Nigheanach (Cuid a h-Aon)

Bhí feirmeoir ina chónaí ‘n Inis Eoghain mórán bliadhanta ó shin agus fuair a bhean bás. Bhí triúr nigheanach aige arbh ainm dóibh: Róise, Síle ‘gus Máire. Fán am a thoisíos an sgéal bhí na nigheanacha inphósta agus bhí Éamann (an t-athair) fonnmhar iad a fheiceáil pósta. Oidhche amháin nuair a bhí siad ina suidhe thart fán tinidh dúirt Róise, an nighean ba sine, lena h-athair go raibh cleamhnas déannta idir í féin agus feirmeoir sa chomharsanacht. D’inis sí ainm an fheirmeora d’Éamann agus bhí sé sásta i gceart. ‘Níl fear níos fearr sa pharóiste,’ ar seisean, ‘agus tá feirm bhreagh talaimh aige lena chois sin.’

Rinneadh réiteach i gcomhair na bainise ‘gus pósadh Róise cupla lá ina dhiaidh sin. Oidhche na bainise thug Éamann fá dear go raibh siopadóir ag caitheamh mórán den am ag comhradh le Síle, an dara nighean, agus rinne sé suas a intinn go raibh siad ag caint ar níos mó ná ‘n aimsir. Ní raibh sé i bhfad ar seachrán. Lá arna mhárach d’fhág Róise slán acu ‘gus chuaigh abhaile lena fear. Thug Éamann dhá bhó di mar spré.
An Domhnach ina dhiaidh sin tháinig an siopadóir go teach Éamainn. D’aithin Éamann go maith go raibh rud inteacht san aer.

‘Más rud é nach bhfuil dadaí agat in m’éadan,’ arsa an siopadóir, ‘ba mhaith liom do nighean a phósadh.’
‘Níl aon rud agam in d’éadan,’ arsa Éamann. ‘Tá aithne agam ort ó bhí tú ‘do pháiste ‘gus má tá tú féin agus Síle sásta, ní sheasfaidh mise in bhur gcasán.’
Bhí neart airgid ag an t-siopadóir agus thug sé cuireadh chun bainise do gach duine dá raibh aithne aige air. Ní raibh mangaire, gréasaí, tincéir ná táilliúir ins na trí pharóiste ba chomhgaraidh nach dtug cuireadh dóibh féin agus, roimh luidhe na gréine, bhí teach agus sgioból Éamainn lán go dtí na doirse.
‘Má thigeann níos mó,’ arsa Éamann, ‘caithfidh mé iad a chur san úllghort.’

‘Ná bac leo,’ arsa an siopadóir. ‘D’ordaigh mé oiread bídh is dí is a dhéanfadh cúis d’arm na Sasana.’
Bhí siad ag ithe agus ag ól, ag damhsa agus ag gabháil cheoil go bánú an lae. Iad siúd a bhí ábalta siúl san am sin, chuaigh siad abhaile, ach ní bhfuair Éamann réitithe leis an iomlán acu go deireadh na seachtainne. D’ith siad cearca agus lachain, caoirigh agus gabhair agus muc a bhí dhá chéad ar meáchan.
Ní bréag a rá go raibh lúcháir ar Éamann nuair a chonnaic sé ‘n péire deireanach ag imeacht ar thrucail asail.

Nuair a chuaigh Éamann agus Máire ar a n-glúine an oidhche sin leis an Phaidrín Pháirteach a rá, bhí h-uaigneas orthu. Bhí Róise ‘gus Síle imithe agus ní raibh duine ar bith lena gcuid áiteach a ghlacadh.
‘Thig linn paidir a rá ar a son,’ ars’ Éamann, ‘agus iad a fhágáil i gcúram Dé.’
Chuaigh bliadhain nó beirt thart ar an nós seo ach bhí eagla ar Éamann go bpósfadh Máire agus go bhfágfaí leis féin é. Thug sé fá dear go raibh táilliúir sa chomharsanacht a bhí go h-an-mhór le Máire, ach níor chuir seo imní ar bith air de bhrí go raibh an táilliúir ina bhuachaill mhúinte, mhacánta. Bhí a fhios aige ina dhiaidh sin nach raibh saibhreas ar bith á dhéanamh ar tháilliúireacht i n-dúthaigh chúlriascach agus go raibh an táilliúir gan teach gan talamh.

Maidin amháin nuair a d’éirigh Éamann óna leabaidh ní raibh Máire le fáil. Chuaigh sé fhad le teach comharsan ag iarraidh tuairisce.
‘Níl do nighean caillte,’ arsa an comharsa, ‘ach tá sí póstadh ar an táilliúir fán am seo.’
‘Toil Dé go raibh déannta,’ ars’ Éamann. ‘Sin mar a pósadh mé féin.’
Tháinig an lánúin óg go teach Éamainn an tráthnóna sin agus chuir sé fáilte rompu.
‘Bhí eagla orm,’ arsa Máire, ‘go mbeadh fearg ort ach iarraim do phardún.’
‘Níl fearg ar bith orm,’ arsa Éamann. ‘Tá mise ag éirigh sean,’ ar seisean, ‘agus is leat-sa agus d’fhear an teach agus an talamh seo ón lá seo amach. Tá an teach mór go leor ag an iomlán againn.’
‘Bhí dúil againn an teach beag ag an chroisbhealach a ghlacadh,’ arsa an táilliúir, ‘ach fágfaidh mise an réiteach ag Máire.’

‘Tá an réiteach déanta,’ ars’ Éamann. ‘Cuideoidh Dia linn.’
Bhí lúcháir ar Mháire nuair a chuala sí nach mbeadh aici leis an bhaile a fhágáil agus gí nach raibh mórán airgid acu bhí gach duine den triúr chomh sásta leis an duine eile. Is iomaidh uair a dubhairt Éamann: ‘Fhad is atá grásta Dé againn is cuma fá rud ar bith eile.’
Mhair an sgéal mar seo ar feadh cupla bliadhain agus lá ‘mháin dubhairt Éamann le Máire go raibh dúil aige cuairt a thabhairt ar an dá nighean eile.
‘Níl sé ceart agam,’ ar seisean, ‘iomlán mo chuid ama a chaitheamh annseo ó tharla nach bhfuil mé ag saothrú airgid ar bith.’
‘Ná smaoinigh air sin,’ arsa ‘n táilliúir. ‘Bheadh uaigneas ar Mháire agus mé féin gan tú ‘gus tá ár n-dóchas i n-Dia.’

‘Tá mé buíoch duit,’ ars’ Éamann. ‘Bhí tú mar mhac agam ón lá a tháinig tú go dtí an teach seo agus ní bheidh tú níos measa lena linn. Tá an croidhe agat san áit cheart. Tá m’intinn déannta suas agam ina dhiaidh sin cuairt a thabhairt ar mo dhá nighean eile mar gheall ar fios a fháil an bhfuil fáilte ar bith acu romham.’
‘Ní dhéanfaidh sin dochar ar bith,’ arsa Máire, ‘ach tar ar ais gan mhoill.’

Maidin lá arna mhárach bhuail Éamann isteach i dteach Róise. Chonaic sé i mbomaite gur fuar an fháilt’ a bhí roimhe. Ní raibh faill ag Róise labhairt leis agus níor thairg sí oiread is cupa tae dó.
‘Beidh níos mó fáilte romham nuair a thiocfas mé ar ais,’ arsa Éamann. ‘Fágaim slán agat.’
Thug Éamann an dara ruaig go teach Shíle agus ba ghairid go bhfuair sé le fios nach raibh mórán fáilte roimhe.
‘Is fada ó bhí mé annseo anois,’ ar seisean.
‘Sin mar is fearr é,’ arsa Síle. ‘Thug tú an teach agus an talamh do Mháire ‘gus tá sé beag go leor aici tú a chothú.’
‘Ach ab é Máire, bheadh droch-dhóigh orm anois,’ arsa Éamann. ‘B’fhéidir go mbeadh sí chomh saibhir leat-sa lá inteacht. Fágaim slán agat.’
Nuair a tháinig Éamann abhaile shuigh sé go tostach ag cois na tineadh. D’inis sé do Mháire nach raibh fáilte ar bith ag an dá nighean eile fána choinne.

‘Ba cheart dóibh náire a bheith orthu,’ arsa Máire. ‘Is maith go dtig leat a bheith beo gan iad,’ ar sise. ‘Is fíor nach bhfuil muid saibhir ach ní fheicfidh Dia ar an anás sinn. Tá Sé chomh láidir is a bhí Sé riamh agus tá máthair mhaith Aige. Bíodh braon tae agat agus coinnigh suas do chroidhe.’
‘Sin comhairle mhaith,’ arsa an táilliúir. ‘Fhad is atá an t-sláinte ag Máire agus agam-sa ní bheidh anás ar bith ort-sa.’
‘Go raibh beannacht Dé ar an phéire agaibh,’ ars’ Éamann.
Bhí Éamann ar an bhaile mhór cupla lá ina dhiaidh sin agus cheannaigh sé páipéar nuadhachta. Nuair a bhí siad ina suí thart fán tinidh an oidhche sin thoisigh Máire ag léamh an pháipéir. ‘Tím,’ ar sise, ‘go bhfuil imirce shaor ag toiseacht ón tír seo go Meiriceá.’

‘Sin nuadhacht mhaith,’ arsa Éamann.
‘An síleann tú sin?’ arsa an táilliúir.
‘Sílim,’ arsa Éamann. ‘Bhí mé ag brionglóidigh aréir go raibh saibhreas ag fanacht liom sa tír sin agus le cuidiú Dé beidh mé ar an chéad long a fhágfas Doire.’
‘Nach fearr domhsa a ghabháil?’ arsa an táilliúir. ‘Tá mé níos óige ná thusa agus níl mórán le déanamh ar tháilliúireacht fá láthair.’
‘Má bhíonn mo dhóigh féin agam-sa,’ arsa Máire, ‘ní rachaidh ceachtar agaibh.’
‘Is dóigh liom,’ arsa Éamann, ‘nach mbeimid ábalta ‘n cheist a shocrú anocht. Beidh tuilleadh agam le rá amárach.’

‘Go gcuire Dia ar ár leas sinn,’ arsa an táilliúir.
Rinne an táilliúir agus a bhean a n-dícheall Éamann a choinneáil sa bhaile ach ní raibh gar ann. Bhí long na h-imirce i n-dán dó agus thug sé a aghaidh ar an Oileán Úr. Nuair a shroich sé Nuadh-Eabhrac bhí droch-nuadhacht ag fanacht leis. Bhí pláigh ar siúl sa chathair agus na daoine ag fáil bháis ina gcéadtaí. Thairg lucht stiúrtha na cathrach dhá phunnta sa lá do dhuine ar bith a chuideodh na coirp a chur i gcónair. Fuair siad cead mar an gcéanna an méid airgid agus éadaidh a gheobhadh siad i dteach ar bith ina mbeadh corp a choinneáil. Ní raibh eagla ar bith ar Éamann roimh an phláigh agus thoisigh sé i gceann na h-oibre seo dáiríre. Fuair sé mórán mór airgid i gcuid de na tithe ‘gus idir seo agus a pháighe (dhá phunnta déag sa t-seachtain), bhí sé ina fhear shaibhir nuair a bhí an phláigh thart. Fuair sé leath-dhuisín de bhocsaí móra agus líon sé iad leis na h-éadaidh agus bróga ab fhearr. Chuir sé an t-ór i mbocsa eile agus tháinig ar ais go h-Éirinn. Nuair a bhí sé fá thuairim leath-mhíle ón bhaile chuir sé air an t-sean-chulaith a chaith sé an lá a d’imigh sé agus thug sé an chéad ruaig go teach Róise. Rinne sé réiteach na bocsaí a chur go teach an táilliúra ‘n lá ina dhiaidh sin.

Le Brian Ó Cianaigh
(Gaedhlig Inis Eoghain)

Aṫair agus a Ċuid Niġeanaċ (Cuid a h-Aon)

Ḃí feirmeoir ina ċónaí ‘n Inis Eoġain mórán bliaḋanta ó ṡin agus fuair a ḃean bás. Ḃí triúr niġeanaċ aige arḃ ainm dóiḃ: Róise, Síle ‘gus Máire. Fán am a ṫoisíos an sgéal ḃí na niġeanaċa inṗósta agus ḃí Éamann (an t-aṫair) fonnṁar iad a ḟeiceáil pósta. Oiḋċe aṁáin nuair a ḃí siad ina suiḋe ṫart fán tiniḋ dúirt Róise, an niġean ba sine, lena h-aṫair go raiḃ cleaṁnas déannta idir í féin agus feirmeoir sa ċoṁarsanaċt. D’inis sí ainm an ḟeirmeora d’Éamann agus ḃí sé sásta i gceart. ‘Níl fear níos fearr sa ṗaróiste,’ ar seisean, ‘agus tá feirm ḃreaġ talaiṁ aige lena ċois sin.’

Rinneaḋ réiteaċ i gcoṁair na bainise ‘gus pósaḋ Róise cupla lá ina ḋiaiḋ sin. Oiḋċe na bainise ṫug Éamann fá dear go raiḃ siopadóir ag caiṫeaṁ mórán den am ag coṁraḋ le Síle, an dara niġean, agus rinne sé suas a intinn go raiḃ siad ag caint ar níos mó ná ‘n aimsir. Ní raiḃ sé i ḃfad ar seaċrán. Lá arna ṁáraċ d’ḟág Róise slán acu ‘gus ċuaiġ aḃaile lena fear. Ṫug Éamann ḋá ḃó di mar spré.
An Doṁnaċ ina ḋiaiḋ sin ṫáinig an siopadóir go teaċ Éamainn. D’aiṫin Éamann go maiṫ go raiḃ rud inteaċt san aer.

‘Más rud é naċ ḃfuil dadaí agat in m’éadan,’ arsa an siopadóir, ‘ba ṁaiṫ liom do niġean a ṗósaḋ.’
‘Níl aon rud agam in d’éadan,’ arsa Éamann. ‘Tá aiṫne agam ort ó ḃí tú ‘do ṗáiste ‘gus má tá tú féin agus Síle sásta, ní ṡeasfaiḋ mise in ḃur gcasán.’
Ḃí neart airgid ag an t-siopadóir agus ṫug sé cuireaḋ ċun bainise do gaċ duine dá raiḃ aiṫne aige air. Ní raiḃ mangaire, gréasaí, tincéir ná táilliúir ins na trí ṗaróiste ba ċoṁgaraiḋ naċ dtug cuireaḋ dóiḃ féin agus, roiṁ luiḋe na gréine, ḃí teaċ agus sgioból Éamainn lán go dtí na doirse.
‘Má ṫigeann níos mó,’ arsa Éamann, ‘caiṫfiḋ mé iad a ċur san úllġort.’

‘Ná bac leo,’ arsa an siopadóir. ‘D’ordaiġ mé oiread bíḋ is dí is a ḋéanfaḋ cúis d’arm na Sasana.’
Ḃí siad ag iṫe agus ag ól, ag daṁsa agus ag gaḃáil ċeoil go bánú an lae. Iad siúd a ḃí ábalta siúl san am sin, ċuaiġ siad aḃaile, aċ ní ḃfuair Éamann réitiṫe leis an iomlán acu go deireaḋ na seaċtainne. D’iṫ siad cearca agus laċain, caoiriġ agus gaḃair agus muc a ḃí ḋá ċéad ar meáċan.
Ní bréag a rá go raiḃ lúċáir ar Éamann nuair a ċonnaic sé ‘n péire deireanaċ ag imeaċt ar ṫrucail asail.

Nuair a ċuaiġ Éamann agus Máire ar a n-glúine an oiḋċe sin leis an Ṗaidrín Ṗáirteaċ a rá, ḃí h-uaigneas orṫu. Ḃí Róise ‘gus Síle imiṫe agus ní raiḃ duine ar biṫ lena gcuid áiteaċ a ġlacaḋ.
‘Ṫig linn paidir a rá ar a son,’ ars’ Éamann, ‘agus iad a ḟágáil i gcúram Dé.’
Ċuaiġ bliaḋain nó beirt ṫart ar an nós seo aċ ḃí eagla ar Éamann go bpósfaḋ Máire agus go ḃfágfaí leis féin é. Ṫug sé fá dear go raiḃ táilliúir sa ċoṁarsanaċt a ḃí go h-an-ṁór le Máire, aċ níor ċuir seo imní ar biṫ air de ḃrí go raiḃ an táilliúir ina ḃuaċaill ṁúinte, ṁacánta. Ḃí a ḟios aige ina ḋiaiḋ sin naċ raiḃ saiḃreas ar biṫ á ḋéanaṁ ar ṫáilliúireaċt i n-dúṫaiġ ċúlriascaċ agus go raiḃ an táilliúir gan teaċ gan talaṁ.

Maidin aṁáin nuair a d’éiriġ Éamann óna leabaiḋ ní raiḃ Máire le fáil. Ċuaiġ sé ḟad le teaċ coṁarsan ag iarraiḋ tuairisce.
‘Níl do niġean caillte,’ arsa an coṁarsa, ‘aċ tá sí póstaḋ ar an táilliúir fán am seo.’
‘Toil Dé go raiḃ déannta,’ ars’ Éamann. ‘Sin mar a pósaḋ mé féin.’
Ṫáinig an lánúin óg go teaċ Éamainn an tráṫnóna sin agus ċuir sé fáilte rompu.
‘Ḃí eagla orm,’ arsa Máire, ‘go mbeaḋ fearg ort aċ iarraim do ṗardún.’
‘Níl fearg ar biṫ orm,’ arsa Éamann. ‘Tá mise ag éiriġ sean,’ ar seisean, ‘agus is leat-sa agus d’ḟear an teaċ agus an talaṁ seo ón lá seo amaċ. Tá an teaċ mór go leor ag an iomlán againn.’
‘Ḃí dúil againn an teaċ beag ag an ċroisḃealaċ a ġlacaḋ,’ arsa an táilliúir, ‘aċ fágfaiḋ mise an réiteaċ ag Máire.’

‘Tá an réiteaċ déanta,’ ars’ Éamann. ‘Cuideoiḋ Dia linn.’
Ḃí lúċáir ar Ṁáire nuair a ċuala sí naċ mbeaḋ aici leis an ḃaile a ḟágáil agus gí naċ raiḃ mórán airgid acu ḃí gaċ duine den triúr ċoṁ sásta leis an duine eile. Is iomaiḋ uair a duḃairt Éamann: ‘Ḟad is atá grásta Dé againn is cuma fá rud ar biṫ eile.’
Ṁair an sgéal mar seo ar feaḋ cupla bliaḋain agus lá ‘ṁáin duḃairt Éamann le Máire go raiḃ dúil aige cuairt a ṫaḃairt ar an dá niġean eile.
‘Níl sé ceart agam,’ ar seisean, ‘iomlán mo ċuid ama a ċaiṫeaṁ annseo ó ṫarla naċ ḃfuil mé ag saoṫrú airgid ar biṫ.’
‘Ná smaoiniġ air sin,’ arsa ‘n táilliúir. ‘Ḃeaḋ uaigneas ar Ṁáire agus mé féin gan tú ‘gus tá ár n-dóċas i n-Dia.’

‘Tá mé buíoċ duit,’ ars’ Éamann. ‘Ḃí tú mar ṁac agam ón lá a ṫáinig tú go dtí an teaċ seo agus ní ḃeiḋ tú níos measa lena linn. Tá an croiḋe agat san áit ċeart. Tá m’intinn déannta suas agam ina ḋiaiḋ sin cuairt a ṫaḃairt ar mo ḋá niġean eile mar ġeall ar fios a ḟáil an ḃfuil fáilte ar biṫ acu roṁam.’
‘Ní ḋéanfaiḋ sin doċar ar biṫ,’ arsa Máire, ‘aċ tar ar ais gan ṁoill.’

Maidin lá arna ṁáraċ ḃuail Éamann isteaċ i dteaċ Róise. Ċonaic sé i mbomaite gur fuar an ḟáilt’ a ḃí roiṁe. Ní raiḃ faill ag Róise laḃairt leis agus níor ṫairg sí oiread is cupa tae dó.
‘Beiḋ níos mó fáilte roṁam nuair a ṫiocfas mé ar ais,’ arsa Éamann. ‘Fágaim slán agat.’
Ṫug Éamann an dara ruaig go teaċ Ṡíle agus ba ġairid go ḃfuair sé le fios naċ raiḃ mórán fáilte roiṁe.
‘Is fada ó ḃí mé annseo anois,’ ar seisean.
‘Sin mar is fearr é,’ arsa Síle. ‘Ṫug tú an teaċ agus an talaṁ do Ṁáire ‘gus tá sé beag go leor aici tú a ċoṫú.’
‘Aċ ab é Máire, ḃeaḋ droċ-ḋóiġ orm anois,’ arsa Éamann. ‘B’ḟéidir go mbeaḋ sí ċoṁ saiḃir leat-sa lá inteaċt. Fágaim slán agat.’
Nuair a ṫáinig Éamann aḃaile ṡuiġ sé go tostaċ ag cois na tineaḋ. D’inis sé do Ṁáire naċ raiḃ fáilte ar biṫ ag an dá niġean eile fána ċoinne.

‘Ba ċeart dóiḃ náire a ḃeiṫ orṫu,’ arsa Máire. ‘Is maiṫ go dtig leat a ḃeiṫ beo gan iad,’ ar sise. ‘Is fíor naċ ḃfuil muid saiḃir aċ ní ḟeicfiḋ Dia ar an anás sinn. Tá Sé ċoṁ láidir is a ḃí Sé riaṁ agus tá máṫair ṁaiṫ Aige. Bíoḋ braon tae agat agus coinniġ suas do ċroiḋe.’
‘Sin coṁairle ṁaiṫ,’ arsa an táilliúir. ‘Ḟad is atá an t-sláinte ag Máire agus agam-sa ní ḃeiḋ anás ar biṫ ort-sa.’
‘Go raiḃ beannaċt Dé ar an ṗéire agaiḃ,’ ars’ Éamann.
Ḃí Éamann ar an ḃaile ṁór cupla lá ina ḋiaiḋ sin agus ċeannaiġ sé páipéar nuaḋaċta. Nuair a ḃí siad ina suí ṫart fán tiniḋ an oiḋċe sin ṫoisiġ Máire ag léaṁ an ṗáipéir. ‘Tím,’ ar sise, ‘go ḃfuil imirce ṡaor ag toiseaċt ón tír seo go Meiriceá.’

‘Sin nuaḋaċt ṁaiṫ,’ arsa Éamann.
‘An síleann tú sin?’ arsa an táilliúir.
‘Sílim,’ arsa Éamann. ‘Ḃí mé ag brionglóidiġ aréir go raiḃ saiḃreas ag fanaċt liom sa tír sin agus le cuidiú Dé beiḋ mé ar an ċéad long a ḟágfas Doire.’
‘Naċ fearr doṁsa a ġaḃáil?’ arsa an táilliúir. ‘Tá mé níos óige ná ṫusa agus níl mórán le déanaṁ ar ṫáilliúireaċt fá láṫair.’
‘Má ḃíonn mo ḋóiġ féin agam-sa,’ arsa Máire, ‘ní raċaiḋ ceaċtar agaiḃ.’
‘Is dóiġ liom,’ arsa Éamann, ‘naċ mbeimid ábalta ‘n ċeist a ṡocrú anoċt. Beiḋ tuilleaḋ agam le rá amáraċ.’

‘Go gcuire Dia ar ár leas sinn,’ arsa an táilliúir.
Rinne an táilliúir agus a ḃean a n-díċeall Éamann a ċoinneáil sa ḃaile aċ ní raiḃ gar ann. Ḃí long na h-imirce i n-dán dó agus ṫug sé a aġaiḋ ar an Oileán Úr. Nuair a ṡroiċ sé Nuaḋ-Eaḃrac ḃí droċ-nuaḋaċt ag fanaċt leis. Ḃí pláiġ ar siúl sa ċaṫair agus na daoine ag fáil ḃáis ina gcéadtaí. Ṫairg luċt stiúrṫa na caṫraċ ḋá ṗunnta sa lá do ḋuine ar biṫ a ċuideoḋ na coirp a ċur i gcónair. Fuair siad cead mar an gcéanna an méid airgid agus éadaiḋ a ġeoḃaḋ siad i dteaċ ar biṫ ina mbeaḋ corp a ċoinneáil. Ní raiḃ eagla ar biṫ ar Éamann roiṁ an ṗláiġ agus ṫoisiġ sé i gceann na h-oibre seo dáiríre. Fuair sé mórán mór airgid i gcuid de na tiṫe ‘gus idir seo agus a ṗáiġe (ḋá ṗunnta déag sa t-seaċtain), ḃí sé ina ḟear ṡaiḃir nuair a ḃí an ṗláiġ ṫart. Fuair sé leaṫ-ḋuisín de ḃocsaí móra agus líon sé iad leis na h-éadaiḋ agus bróga ab ḟearr. Ċuir sé an t-ór i mbocsa eile agus ṫáinig ar ais go h-Éirinn. Nuair a ḃí sé fá ṫuairim leaṫ-ṁíle ón ḃaile ċuir sé air an t-sean-ċulaiṫ a ċaiṫ sé an lá a d’imiġ sé agus ṫug sé an ċéad ruaig go teaċ Róise. Rinne sé réiteaċ na bocsaí a ċur go teaċ an táilliúra ‘n lá ina ḋiaiḋ sin.

Le Brian Ó Cianaiġ
(Gaeḋlig Inis Eoġain)

 


 

Artaigil às a LUD – Sgríoḃ Gaeḋealaċ – 08-23
Issuu (Digiteaċ) – https://issuu.com/lionra-uisge-dhearg/docs/lud_-_sgr_o_gae_eala_-_08-23_
Magzter (Digiteaċ) – https://www.magzter.com/CA/Lìonra-h-Uisge-Dhearg/LUD—Sgríoḃ-Gaeḋealaċ/Lifestyle/1213648
Peeċo (Corporra) – https://www.peecho.com/print/en/1238142
Patreon (Digiteaċ ⁊ Corporra) – https://www.patreon.com/posts/78391779

 

 

Fàg freagairt

Cha dèid an seòladh puist-dhealain agad fhoillseachadh. Tha * ris na raointean a tha riatanach